Oíche chultúrtha ar An gCeathrú Rua, i gcomhoibriú le TradSoc agus An Cumann Rince Seite. Beidh craic agus ceol ann! Bus ag fagáil ó Kingfisher ag 7:00 i.n. agus ag fágail ón gCeathrú Rua ag a 2:00 r.n. Tabhair libh bhur n-uirlisí!
Caithfidh baill:
• A bheith feasach ar na guaiseacha a bhaineann leis an ngníomhaíocht.
• Gan do shláinte agus do shábháilteacht féin, ná sláinte agus sábháilteacht daoine eile, a chur i mbaol.
• Treoracha ó cheannairí an turais agus ó oifigigh a leanúint.
• Freastal ar aon oiliúint a chuirtear ar fáil.
• Fógra a thabhairt d’oifigigh nó do cheannairí an turais faoi aon riocht leighis a d’fhéadfadh cur isteach ar do chumas páirt a ghlacadh, nó a d’fhéadfadh tionchar a imirt ar chóireáil éigeandála nó ar chéadchabhair.
• Tá tú freagrach as cinneadh eolasach a dhéanamh maidir le cé acu an bhfuil an ghníomhaíocht oiriúnach duit nó nach bhfuil.
• Má bhíonn alcól á ól agat, ní mór duit é a ól go freagrach agus ar bhealach nach gcuirfidh do shábháilteacht agus do shláinte féin, ná sábháilteacht agus sláinte daoine eile, i mbaol.
• Fanacht i ngrúpaí de thriúr ar a laghad.
• A chinntiú, má fhaigheann tú cóireáil leighis, go bhfuil tú sásta go hiomlán go bhfuil an chóireáil leighis ar fad a theastaíonn uait faighte agat sula scaoiltear saor thú.
• An córas ‘cairde’ (buddy system) a chur i bhfeidhm agus a chinntiú go bhfuil an triúr eile atá ainmnithe i láthair, slán sábháilte, agus réidh chun dul ar an mbus.
• Gan an t-ionad a fhágáil i rith na hoíche.
• A bheith réidh don bhus ag an am ceaptha.
• Fógra a thabhairt do cheannaire an turais mura bhfuil sé i gceist agat filleadh ar an mbus.
• Gan alcól a ól ar an mbus.